Alphabets, How Words Play, Maps, Translation, Various

‘An tÉan Cuaiche’ le Máire Nic Mhaoláin from Filíocht Uladh 1960-1985

Mhotaigh an scamallán an teas
trína chlúmh scáinte,
is scáil gréine is scáth faoi seach
sa duilliúr seimh,
is siosarnach ghaoithe sa ghiolcach,
is ceol srutháin faoi.
Rith driuch fionnadh tríd
-bhí rud deoranta sa nead leis !
Thar dhuibheagán an spáis
is dhiamhair na gcianta
thainig an treoir.
Trí dhamhna na réaltaí
tríd aigéad dí- ocsairibeanúicléasach,
ó aigne an Dúilimh,
scairt an dúchas.
Dhronn se a dhroim íogair, cigilteach
gur ardaigh an rud deoranta
that bhéal neide arnach.
Plab!
ón gcoill chraobhach
thainig guth a Mháthar
mar a bheadh sí ag sclogáil gháire,
agus glao na gcuach fireann ina diaidh.
Shoiprigh se é féin sa nead.
Is chonaic an Dúileamh
corp an ghealbhain
ag imeacht le sruth.

An tÉan Cuaiche le Máire Nic Mhaoláin

A brief note on the Introductory to this book, which though published in 1986 had some interesting figures on the inclusion of Ulster Irish Poems in Publications and school curricula (1986) .

“Ni théann líon os chionn 10% de líon iomlán na bhfilí i gcas ar bith a phleann an nuafhilíocht. is Lú ná 3% de na filí gus de na dánta atá i gceist i Díolaim Filíochta don Ardtestiméireacht, eagrán oifigiúil DR C. Uí Ghóilidhe, 10% de na filí i Nuabhéarsaíocht 1939-1949 Uí Thuama, meán de 8% i dtrí imleabhar Nuafhilí 1942-1978 Uí Chéileachair agus 6% ag O Brien ina Dhuanaire Nuafhiliochta . Is mo ná 35% de dhaonra na tíre agus de dhaonra na Gaelteachta atá sa chuige. Níl staidreamh ann do chumas ná d’úsaid na teanga.” Réamhrá : Filíocht Uladh 1960-1985, Ó Dúill.

(I put in the comments because they are related to the post ” An Duanaire, Poems of the Dispossessed, 1600-1900″.)

I misplaced my copy of *CIC Cathal O Searcaigh today, meaning it worked its way to the back of some bookcase, so I decided to read his poems in the Filíocht Uladh , along with some Máire Nic Mhaoláin. So , after a longish day, in which  some amount of fruit preserving and cookery classes occurred in lieu of an afternoon nap- I decided to put the Nic Mhaoláin onsite and save the Ó Searcaigh Dídean for another occasion (like when we get  the summer electric storms!)

My translation skills btw are appalling, I can read Ó Searcaigh as if it was in English but have trouble with the nuts and bolts of Nic Mhaoláin, especially this word dí-oscairibeanúicleasach .